Capers Jimmy Óig agus Bhilly Mhóir

Scoil Náisiúnta Thóin Ré Gaoith, Tóin Ré Gaoith, Acaill, Co. Mhaigh Eo, Rang a 4,5,6, Fighting Words Chonamara, 23/09/2021

Lá amháin bhí Jimmy Óg ag siúl sa pháirc. Bhí sé an-scamallach agus bhí tintreach agus toirneach ar an mbealach.

Chonaic sé spúnóg adhmaid ar an mbóthar.

Rith sé agus rith sé ach spúnóg adhmaid dhraíochta a bhí inti agus lean sí Jimmy Óg agus SLAM! Bhuail an spúnóg dhraíochta Jimmy Óg agus bhí sé ag eitilt sa spéir.

Nuair a bhí sé ag eitilt sa spéir, bhuail splanc thintrí é sa cheann agus bhí sé i gcóma ar feadh cúig lá san ospidéal.

Tháinig Billy Mór ar cuairt chuige san ospidéal.

“Dia duit,” a dúirt Billy Mór.

“Dia is Muire duit,” a dúirt Jimmy Óg.

“An maith leat an bricfeasta anseo?” a d’fhiafraigh Billy Mór.

“Ní maith. Blasann sé cosúil le bosca bruscair!” a d’fhreagair Jimmy Óg.

“Tá mise ag dul go dtí an siopa. Ar mhaith leat ceapaire agus cupán tae?” a dúirt Billy Mór.

“Ó ba mhaith!” arsa Jimmy Óg.

Tháinig triúr Gardaí isteach san ospidéal…