Caillte i SuperValu

Scoil Uí Ghramhnaigh, Rath Chairn, Áth Buí, Co. na Mí, Rang a 6, Fighting Words Chonamara, 08/10/2021

Cheannaigh Mamó an spúnóg adhmaid i SuperValu agus ansin chonaic sí Jim Mór an Fata ar €3.99.

Dúirt Barry ‘Dia duit’ leis an bhfata.

Ní raibh a fhios ag Mamó é, ach Barry an t-ainm a bhí ar an spúnóg adhmaid.

Ní raibh a fhios ag Mamó go raibh Barry agus Jim Mór in ann caint lena chéile.

Dúirt Jim Mór le Barry, “bhí mé ag fanacht ar feadh ceithre bliana go gceannódh duine éigin mé.”

“Bhí mise anseo ar feadh cúig bliana!” arsa Barry.

“Níl aon duine ag iarraidh spúnóg adhmaid. Tá gach duine ag ceannach spúnóga miotail.”

Ach ansin dúirt Barry gurb é seo an lá a cheannódh duine éigin é.

Phioc Mamó suas iad agus lig sí dóibh titim ar an urlár.

Chuaigh Barry an Spúnóg Adhmaid faoi sheilf. Nuair a bhí sé faoin tseilf, chonaic sé go leor spúnóga adhmaid eile.

“Cá bhfuil mé?!” arsa Barry.

“Faoi sheilf,” a deir a cholceathar Fred. “Caithfidh tú cabhrú linn.

Tá muid anseo le fiche bliain!”

“An é sin thusa, a Ghearóid?” arsa Barry.

“No, is mise an Boogie Man!” arsa Gearóid, ag méiseáil.

Thosaigh Barry ag caoineadh…