By Michael from Rang a 5, Scoil Sailearna, Indreabhán, Co na Gaillimhe
Dhúisigh Cóilín, an madra beag suas i bhfásach an Sahára i lár na hoíche mar gur bhuail sé in aghaidh chachtais. Ní raibh sé ach 4 céim Celsius ag an am. Bhí Cóilín an-fhuar agus bhí sé ag croitheadh leis an bhfuacht. Bhí ocras air chomh maith agus ag an nóiméad sin smaoinigh sé ar cé chomh súmhar agus chomh blasta a bheadh chnámh. Nuair a bhuail sé in aghaidh an chachtais chuaigh cuid de na deilgní i bhfostú ina chosa agus bhí sé sin pianmhar agus an-tinn.
Rinne sé machnamh ar an gcaoi a raibh sé sa bhfásach agus seo é an scéal - ní raibh Cóilín róshásta go raibh a chomharsa (Cloichín, an madra mór) níos mó ná é féin agus dá bharr sin chuaigh sé ar leathanta saoire ar eitleán go dtí an Afraic, ach ní raibh a fhios ag Cóilín cén áit san Afraic ina raibh sé ag dul agus ní raibh bealach ar bith aige é sin a fháil amach. Thuirling an t-eitleán síos ag Aerfort Abu Simble (i bhfásach an Sahára) agus sin é an áit a bhfuil muid anois!
Thriail Cóilín seasamh, ach thóg sé tamall air é sin a dhéanadh. Nuair a bhí i ndóthain fuinnimh aige é sin a dhéanamh, thosaigh sé ag siúl. Ní raibh sé i bhfad ag siúl nuair a chonaic sé a thromluí is measa ............ Cloichín a chomharsa!
Cén fáth a raibh sé sin anseo? Bhí cnámh ag Cloichín ina bhéal agus nuair a chonaic sé Cóilín rith sé ina dhiaidh agus é ag tafann go hard. Chuala éan beag, darbh ainm, Piglet é. Bhí Cloichín ag tafann agus chuaigh sí ina dtreo. Is cara le Cóilín í Piglet agus dúirt sí leis teacht léi go dtí a teach. Lean sé í agus thug sí cupán tae dhó. Bhí chuile dhuine sásta ach Cloichín mar go raibh air fanacht taobh amuigh den teach.
An Deireadh