Scoil na bhForbacha, Na Forbacha, Rang a 5, Co. na Gaillimhe, Fighting Words Chonamara, 28/2/2020
Lá amhain bhí Bob agus Stinky Oh Oh (is moncaí gorm é Stinky Oh Oh le caipín le liathán air) i North Korea ag dul go dtí an ProAm.
Gamer nua a bhí i mBob agus ní raibh sé ag ProAm cheana.
Bhí faitíos ar roimh aer úr, mar sin bhí sé i mboilgeog mhór.
Bhí Stinky istigh ann freisin ag tiomáint.
Bhí Bob an-neirbhíseach mar bhí sé níos sine na gach duine eile, bhí sé 78 bliain d’aois.
Shroich siad an t-óstán an lá roimh an ProAm.
Óstán galánta 10 réalt a bhí ann.
Bhí sé an-ghlan i gcomparáid lena theach fhéin sa mbaile mar bhí a theach fhéin an-salach.
Chuaigh siad síos ag an mbialann ach bhí gach duine ag féachaint orthu mar is moncaí gorm é Stinky Oh Oh.