Billy agus a Ghabhar

Scoil Bhaile Nua, Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe, Rang a 5,6, Fighting Words Chonamara, 01/10/2021

Lá amháin i lár an phortaigh, bhí Billy Johnson ag caoineadh le Jo Mama an gabhar.

Bhí daoine ag magadh faoi. Bhí siad ag magadh faoi mar bhí a fhios acu nár thaitin an dath bándearg leis. Bhí sé ag iarraidh cairde nua.

Chuaigh siad go dtí an baile mór agus chuaigh siad ag cuardach daoine eile.

Fuair siad cara darbh ainm Timmy a bhí ina chónaí ar phortach eile. Buachaill, dhá bhliain déag d’aois ab ea Timmy.

Chuaigh siad timpeall an tsiopa agus fuair siad amach go raibh peata ag Timmy, Alexa an colúr.

Chuaigh Billy agus Timmy ar ais go dtí teach Timmy.

Chuaigh siad amach ar an bportach ag casadh na móna.

“An imríonn tú aon spórt?” a dúirt Timmy.

“Imrím peil,” arsa Billy.

“An maith leat an dath bándearg?” a dúirt Timmy …