Billí i Meiriceá

Scoil Uí Ghramhnaigh, Ráth Chairn, Áth Buí, Co. na Mí, Rang a 3, Fighting Words Chonamara, 5 Samhain 2021

Uair amháin bhí madra ann darbh ainm Billí.

“Is é seo mo chara, Billí an Tíogar,” a dúirt Billí an madra, “agus is breá liom uachtar reoite agus is maith liom treats.”

“Is madra mór mé,” a dúirt Billí an madra.

“Tá mise agus mo chara Billí ag dul go Peiriú ar laethanta saoire.

Nuair atá muid ann beidh muid ag dul go dtí an linn snámha ach níl na ticéid againn le dul ar an eitleán.”

“Caithfidh muid dul ag an siopa le hiad a fháil.”

“Ansin chonaic muid madra mór darbh ainm Rock.”

Ní raibh aon ticéad fágtha agus d’imigh Rock abhaile.

“Beidh orainn dul go Meiriceá,” a dúirt Billí an tíogar, “ach ar dtús caithfidh muid jet packs a dhéanamh.”

Ag úsáid an ‘R 2’ rinne siad na jet packs