‘An Rás don Chnámh’

Scoil Sailearna, Indreabhán, Co. na Gaillimhe, Rang a 5, Fighting Words Chionamara, 24/02/2021

Bhí Cóilín an madra ag siúl síos an bóthar i bhFásach an Sahara. Dhúisigh sé i lár na hoíche. Ghortaigh sé é féin ar chactas.

Bhí sé ag siúl agus chonaic sé Clochín le cnámh ina bhéal aige. Thosaigh Clochín ag ritheacht sall ag Cóilín agus é ag tafann.

Thosaigh Cóilín ag croitheadh nuair a chonaic sé Clochín.

Rith sé abhaile agus ansin chonaic sé a chara Piglet. Chonaic Piglet céard a tharla.

“An bhfuil tú ceart go leor?” a dúirt Piglet.

“Níl ‘s agam cá’il mé ag dul, tá mé ag triail dul abhaile, ach tá mé gafa amú.”

“Lean mise agus tabharfaidh mé abhaile thú agus réiteoidh mé cupán tae duit.

An bhfuil tú ag iarraidh bindealán le cur ar do chos?”

“Tá, go raibh maith agat,” arsa Cóilín.

“Glanfaidh mé suas thú agus cuirfidh mé síos tine duit; seo duit do chupán tae,” a dúirt Piglet.

“An bhfuil aon chnámh agat?” a dúirt Cóilín…