Patricia, Cornelius agus an Liathróid

Image
Patricia, Cornelius agus an Liathróid

An Togra 100 Bliain:
Scoil Uí Ghramhnaigh, Ráth Chairn, Co. na Mí, Rang a 3, 01 Meitheamh 2022

Chónaigh Patricia in Éirinn, i gCo. an Dúin. Bhí sí caoga bliain ina cónaí sa teach céanna.

Bungaló ildaite a bhí ann le go leor fuinneoga briste agus ocht seomra.

Bhí seomra di féin ag a liathróid agus ghlanadh sí an seomra sin gach lá.

Scuabadh sí an t-urlár, níodh sí an seomra agus chóiríodh sí an leaba.

Bhí an teach cois trá. Bhí stoirm ann agus déanadh damáiste aisteach don teach. Bhí deartháir amháin ag Patricia, Micky, ach maraíodh é sa Chéad Chogadh Domhanda. Cúl báire a bhí ann sula ndeachaigh sé sa Chogadh.

Image
Patricia, Cornelius agus an Liathróid

Bhí Patricia ag cabhrú leis an arm ag déanamh gunnaí. I monarcha i mBéal Feirste a bhí sí ag obair. Théadh sí ann chuile lá ar a rothar. Thaitin an job léi. Bhí fear ag obair ann- Cornelius. Bhíodh Cornelius ag déanamh buamaí agus ba chúl báire a bhí ann freisin. D’imríodh sé peil le Patricia gach tráthnóna tar éis na hoibre. Bhí an bheirt acu craiceáilte faoi pheil.

“Caithfidh muid cúl le heangach a fháil,” a dúirt Cornelius.

“Tá ceann agamsa sa bhaile,” a dúirt Patricia, “mar ba chúl báire a bhí i mo dheartháir Micky.”

Image
Patricia, Cornelius agus an Liathróid

Ach nuair a chuaigh siad abhaile, bhí sé scriosta ag an stoirm. Bhí Patricia croíbhriste agus trína chéile.

Chuir Cornelius a lámh thart timpeall uirthi agus dúirt sé, “déanfaidh muid ceann eile ag an obair. Ná bí buartha.”

An mhaidin dar gcionn, chuaigh siad ar ais go Béal Feirste ar a gcuid rothair agus d’fhan siad ann ag obair go deireanach san oíche, ach thit buama ar an monarcha…