Máirtín Brónach agus an Sioráf Gorm

Image
Máirtín Brónach agus an Sioráf Gorm

An Togra 100 Bliain:
Scoil Uí Ghramhnaigh, Ráth Chairn, Co. na Mí, Rang a 4, Fighting Words Chonamara, 2 Meitheamh 2022

I 1921, fuair Máirtín a chéad chúl do Cho. na Mí.  Mhothaigh sé iontach faoi féin agus an-sásta. Bhí a chara, Megan ag an gcluiche. Nuair a chuaigh siad abhaile, bhí cóisir acu.  Ansin tháinig sioráf mór gorm ann. 

Bhí faitíos an domhain ar Mháirtín roimh an sioráf mór gorm.  Bhí fearg ar an sioráf.  Rith Máirtín amach as an teach agus bhí an-fhaitíos air.  Fuair Megan a maide siúil agus bhuail sí an sioráf.  Ansin fuair Máirtín mada sa ngairdín. 

Chuir Máirtín an mada ar an sioráf mar bhí sé ag iarraidh go mbainfeadh sé plaic as.  Fuair Máirtín mini-gun agus chaith sé an sioráf. 

Bhí siad ag ithe an sioráif gach lá ar feadh chúig bliana déag. Nuair a bhí an sioráf imithe, thit Megan síos an staighre. 

Bhí Máirtín an-bhrónach ach ansin tháinig an mamaí sioráf le Máirtín a fháil…