Foireann Bhrídín

An Togra 100 Bliain:
Scoil Uí Ghramhnaigh, Ráth Chairn, Co. na Mí, Rang a 5, 27 Bealtaine 2022
Lá breithe Bhrídín a bhí ann agus fuair a máthair agus a hathair sliotar di. Shiúil sí amach sa ngáirdín leis an sliotar agus a camán. Bhí sí an-sásta lena bronntanas. Thosaigh sí ag cuimhneamh gur mhaith léi foireann iománaíochta a thosú do chailíní. Ba bhreá léi foireann a thosú. Tháinig a cuid cairde, Príonsíosa, Úna agus Johnny, ar cuairt chuici agus d’inis sí a smaoineamh dóibh.
Bhí ciúnas eadarthu ar feadh tamaill.
“Níl muide ag iarraidh fáil i dtrioblóid,” a dúirt Príonsíosa go ciúin, faiteach.
“Níl muide in ann imirt ar chor ar bith!” arsa Úna.
“Ach is buachaill mise! Tá a fhios agamsa díreach céard le déanamh!” a dúirt Johnny. “Má fhaigheann sibhse níos mó cailíní, beidh mise mar chóitseálaí agaibh!”

“Smaoineamh iontach!” a dúirt Brídín.
“Ach níl cailíní ar bith ag iarraidh iománaíocht a imirt!” arsa Príonsíosa. Bhí sí scanraithe roimh an sliotar.
“Tá a fhios agamsa cúpla cailín a bheadh ag iarraidh é a dhéanamh.
Tá seachtar deirfiúracha agamsa! Déanfaidh mise leat é,” a dúirt Úna le Brídín…