An Féar Féar Glas

An Togra 100 Bliain
Gaelscoil Riada, Baile Átha an Rí, Gaillimh, Rang a 5, Fighting Words Chonamara, 02/02/2023
Tá Paul 36 bliain d’aois. Tá sé cairdiúil le Garmanguous, eachtrán as Ohio atá an-mhór le dath oráiste air.
Tá Paul scanraithe roimh an amhrán An Féar Glas mar nuair a bhí a thuismitheoirí maraithe, bhí an t-amhrán sin ar siúl.
D’ith madra Phaul a thuismitheoirí in 1899. Bhí sé brónach.
Bhí sé ag iarraidh díoltas a bhaint amach ar an madra. Fuair sé iasc mar pheata. Ansin, fuair an t-iasc bás mar gur ith an madra é. D’ith Paul an madra.

Ansin, bhí an t-amhrán An Féar Glas ar siúl agus bhí Paul an-scanraithe. Rith sé amach as an teach agus isteach sa charr agus thiomáin sé go dtí teach Garmanguous. Chonaic Paul na francaigh as Ohio nuair a bhí sé ag tiomáint. Bhí sé ag aireachtáil seafóideach agus goofy.
“Tá na francaigh as Ohio i mo dhiaidh!” a dúirt Paul le Garmanguous.
“Cé mhéad francach atá i do dhiaidh?” a d’iarr Garmanguous dó.

“Tá 2000 francach ann agus leath-francach eile!” a d’fhreagair Paul.
Tháinig na francaigh as Ohio go dtí an teach agus bhí siad ag canadh An Féar Glas.
…Féar féar glas…spéir spéir ghorm…caithfidh tú cóisir a bheith agat dom an lá a fhaighim bás…
Tháinig duine darb ainm Hank agus thosaigh na francaigh ag damhsa.
Thosaigh Hank ag eitilt. Bhí Hank díreach cosúil le Garmanguous agus d’athraigh Garmanguous isteach ina fhrancach…