Domhnach na Fola i bhFocla Mháirtín

Image
Domhnach na Fola i bhFocla Mháirtín

An Togra 100 Bliain:
Scoil na Tulaí, Co. na Gaillimhe, Rang a 6, Fighting Words Chonamara, 26 Bealtaine 2022

Is mise Máirtín.  Fuair mise bás i nDomhnach na Fola.  Bhí mé 31 nuair a fuair mé bás.  Bhí beirt dheartháireacha agus beirt dheirfiúracha agam. Bhí mé sa gcúl do Thiobrad Árann nuair a tháinig saighdiúirí Sasanacha isteach ar an bpáirc. Bhí faitíos agus frustrachas orm. 

Scaoil na saighdiúirí leis an lucht féachana agus leis na himreoirí.  Bhí daoine ag éirí gortaithe agus iad ag dul i mullach a chéile.  Bhí imní an domhain orm agus thosaigh mé ag ritheacht.  Ansin chonaic mé páiste ina suí síos in aice le saighdiúir agus cheap mé go mbeinn in ann í a shábháil. Nuair a chuaigh mé chomh fada leis an bpáiste ní raibh sí ann níos mó ach bhí sí ar an talamh maraithe.  Sin é an uair a scaoileadh liom…