Image
Díoltas

Cumann Liteartha agus Díospóireachta Ollscoil Mhaigh Nuad, Fighting Words na Gaeilge, 20/10/2022

Lá amháin bhí Stephen ag siúl thar theach a chomharsan, Deirdre. Thug sé cuairt uirthi. Chonaic sé athair Dheirdre, Pól, sa ghairdín.

“Haigh, conas atá tú?” a dúirt Stephen le Pól.

“Tá mé go maith, agus tú féin?” arsa Pól.

“ Tá fearg orm mar chaill mé mo mhadra, Rover!”

Ag an bpointe sin, tháinig Deirdre amach as an teach agus bhí coiléar madra ina lámh aici.

Bhí Deirdre ag caoineadh. Bhí Stephen ag iarraidh cabhrú léi.

“Bí ciúin!” a dúirt Pól le Deirdre ar bhealach garbh.

“Céard atá ag tarlú?” a dúirt Stephen agus é ag breathnú idir Phól agus Dheirdre.

Dúirt Pól, “d’fhág Deirdre an geata ar oscailt.”

Arsa Deirdre, “ní dhearna mé é!”

“Is léir go bhfuil duine agaibh ag insint bhréaga…inis an fhírinne dom anois!” a d’impigh Stephen.

Thug athair Dheirdre isteach sa teach í.

Go tobann, tagann Rover ag rith isteach sa ghairdín!

D’aithnigh Stephen go raibh Rover bacach. Rinne Stephen iarracht dul isteach sa teach ach bhí an doras faoi ghlas. Rith an madra suas go dtí Stephen agus bhain sé plaic as.

Thit Stephen i laige. Dhúisigh sé istigh i dteach Dheirdre i seomra leapa breise. Rinne sé iarracht seasamh ach ní raibh sé in ann.

Bhí sé ina luí ar an leaba. Bhí sé trína chéile. Bhéic sé amach ach ní raibh sé in ann a ghuth a chloisteáil.

D’fhéach sé amach an fhuinneog agus bhí gach rud difriúil. Bhí an spéir liath.  

Lasmuigh den doras, chuala sé Pól ag rá le Deirdre sluasaid a fháil.

Ansin, chuala sé Rover lasmuigh den doras as tafann agus bhain sé geit as. Sin an uair a d’éalaigh a anam óna chorp. Sin é an uair a thuig sé go raibh sé marbh. Theastaigh uaidh díoltas a bhaint amach ar an duine a rinne é seo leis…