Cluiche Cártaí Nua

An Togra 100 Bliain:
Gaelscoil Mhic Amhlaigh,Cnoc na Cathrach, Gaillimh Rang a 2, Fighting Words Chonamara, 09/06/22
Fadó, fadó bhí buachaill ann darbh ainm James a bhí deich mbliana d’aois. Ba bhuachaill an-deas, cineálta é James. Bhí deirfiúr aige darbh ainm Ellie a bhí trí bliana déag d’aois.
Bhíodh James agus Ellie ag imirt chártaí lena chéile. Bhí James go maith ag imirt chártaí. Bhí sé ag iarraidh a chluiche cártaí féin a chumadh. Chuaigh James go dtí Ellie agus chuir sé ceist uirthi.
“An dtabharfaidh tú cúnamh dom le mo chuid obair bhaile, le do thoil?”
“Ceart go leor,” a dúirt Ellie.
Rinne siad an obair bhaile le chéile. Ansin chuir sé ceist eile ar Ellie.
“An dtabharfaidh tú cúnamh dom cluiche cártaí a chumadh?”

“Beidh tú in ann dul go dtí teach Liam agus beidh sé in ann cabhrú leat,” a d’fhreagair Ellie.
Ansin chuaigh James go dtí teach Liam agus chuir sé ceist air.
“An dtabharfaidh tú cúnamh dom cluiche cártaí a chumadh”?
Is cara an-mhaith le James é Liam.
“Tá mé in ann cabhrú leat ach caithfidh muid páipéar a fháil ar dtús le haghaidh na cártaí a dhéanamh.”
Chuaigh siad go dtí an scoil agus d’fhiafraigh siad den phríomhoide an raibh cead acu cárta a fháil...