Image
Calpol i mBerlin

An Togra 100 Bliain:
Scoil Uí Ghramhnaigh, Ráth Chairn, Co. na Mí, Rang a 6, 25 Bealtaine 2022

Bhí Alex Maher de Crème Egg agus Raj de Haribo, beirt chara, ag obair i Sunny’s, bialann i lár Bherlin, ach ní raibh a lán daoine ag teacht isteach mar ní raibh go leor airgid acu tar éis an Chogaidh Mhóir. D’fhág Alex an scoil mar gheall go raibh an múinteoir á bhualadh mar go raibh sé ag tarraingt pictiúir de kebabs mar gheall go raibh ocras air an t-am ar fad. Uaireanta, thóg sé bia ó pháistí eile.

Thosaigh Raj ag díol drugaí le hairgead a fháil le Sunny’s a choinneáil ar oscailt.

Image
Calpol i mBerlin

Bhí siad ag caint faoin ngrá a bhí acu do kebabs ansin, bhí Raj ag iarraidh duine nua le cúnamh a thabhairt dó leis na drugaí agus leis na kebabs.

“Cén sort drugaí agus cé na glasraí a bheidh sa kebab?” a dúirt Alex le Raj.

“Calpol agus ní bheidh aon ghlasraí ag teastáil,” a dúirt Raj.

“Gabh go dtí an poitigéir agus faigh an Calpol,” a dúirt Raj le hAlex go feargach.

Ar an bpointe, chuaigh Alex ar a rothar síos an sráid. Bhí go leor daoine gan dídean ann agus chonaic cúpla duine a rothar nua agus bhí siad á iarraidh. Bhí cúpla foirgneamh briste síos. Ba chuma leis mar bhí sé ag díriú air féin anois. Chonaic sé cailín ag caoineadh. Lean sé ar aghaidh ag rothaíocht.

Thit sé dá rothar…