Ba Mhaith Liom Madra

An Togra 100 Bliain
Scoil Shéamais Naofa, Bearna, Co. na Gaillimhe, Fighting Words Chonamara,14/12/2022
Lá amháin bhí cailín ann darbh ainm Niamh. Bhí sí go deas. Bhí sí dhá bhliain déag d’aois. Bhí gruaig dhonn uirthi, súile donna agus bhí spéacláirí uirthi. Bhí sí an-mhór, ramhar. Ba bhreá léi a bheith ag ithe aráin. Cailín iontach a bhí inti. Bhí cara aici darbh ainm Ellie a bhí ina cónaí píosa fada ó Niamh. Chonaic siad a chéile ar scoil. Uaireanta, nuair a bhí siad saor ón scoil, chonaic siad a chéile. Ba bhreá leo a bheith ag imirt cleas na bacóide agus peil Ghaelach.
Bhí Niamh ag iarraidh madra mar bhí madra ag Ellie. Cockapoo a bhí ag Ellie agus bhí Niamh ag iarraidh an madra céanna. Bhí na cailíní ag iarraidh dul ag spraoi lena chéile tar éis am scoile.
“Is breá liom do mhadra,” arsa Niamh.
“Go raibh maith agat,” a dúirt Ellie.
“Tá mise ag iarraidh madra,” arsa Niamh go brónach, “ach níl aon spás sa teach.”

Bhí go leor deartháireacha agus deirfiúracha ag Niamh.
“Tá cead agat mo mhadrasa a bheith agat don samhradh,” a dúirt Ellie le Niamh.
“Go raibh míle maith agat,” arsa Niamh.
“Ar mhaith leat dul go dtí an sorcas in éineacht liom?” a dúirt Ellie le Niamh.
“Is fuath liom fir ghrinn!” arsa Niamh, “ach ba mhaith liom dul go dtí an sorcas leat.”
Shiúil siad go dtí an sorcas ansin. Nuair a chuaigh siad go dtí an sorcas, chonaic Niamh fear grinn agus bhí sí an-scanraithe…