Timmy an Madra Craiceáilte

Image
Timmy an Madra Craiceáilte

Scoil Santain, Tamhlacht,Baile Átha Cliath Rang 3/4, Fighting Words Gaeilge,18/11/2022

Tá Timmy an madra beag ar an tsráid in éineacht le Sammy an píotsa. Tá siad ag caint lena chéile.

“Tá an-ocras orm!” a dúirt Timmy an madra beag.

“Mise freisin!” arsa Sammy.

Chuaigh siad go dtí bialann píotsa. Fuair Timmy an madra píotsa agus d’ith sé é os comhair Sammy.

Rith Sammy leis ar ais go dtí an tsráid. Thosaigh Sammy ag caoineadh.

Image
Timmy an Madra Craiceáilte

Fuair Sammy an-chrosta agus chuaigh sé ar ais go dtí an bhialann. Chonaic sé Timmy agus lean sé é.

Chuaigh siad go dtí an t-aerfort. D’ith Timmy Sammy!

Tháinig na Gardaí. Ghabh siad Timmy agus chuaigh sé go dtí an príosún agus bhí sé istigh ann ar feadh dhá bhliain.

Fuair sé go leor sceanra plaisteach agus thochaill sé poll mór sa talamh agus bhris sé amach as an bpríosún…