Timmy, Billy Billy Bob agus an Teach Nua

Image
Timmy, Billy Billy Bob agus an Teach Nua

Fighting Words Chonamara, Scoil Mhuire An Tuairín, Béal an Daingin, Co. na Gaillimhe Rang 3 & 4, 6 Feabhra 2024 

Lá amháin bhí Timmy ag siúl síos an bóthar nuair a chas sé le Billy Billy Bob. Bhí sé fuar agus bhí sé ag cur sneachta go trom. Thosaigh Timmy agus Billy Billy Bob ag caint lena chéile.

“An bhfuil tú ag iarraidh theacht go dtí mo theachsa?” arsa Billy Billy Bob.

Image
Timmy, Billy Billy Bob agus an Teach Nua

“Níl cead agam dul ag teach dhuine ar bith mar beidh mo Mhama crosta,” a d’fhreagair Timmy.

“Who cares?” a dúirt Billy Billy Bob.

“Mise agus mo Mhama!” a dúirt Timmy.

 “Ná bac le do Mhama agus tar ag mo theach…”

Image
Timmy, Billy Billy Bob agus an Teach Nua