Superfoods
Image

Scoil Santain, Tamhlacht, Baile Átha Cliath, Rang a 2, Fighting Words na Gaeilge, 29 Samhain 2022
Bhí Mr. Burger díreach cócaráilte. Bhí sé “jacked” –bhí go leor matán aige. Bhí sé ag eitilt chuig Lidl chun tuilleadh burgair a fháil. Bhí a chara Mr. Meats ag eitilt go dtí Smyths.
Ansin chuaigh Mr. Burger chuig monarcha chun na burgair a dhéanamh níos fearr. Bhí sé chun seacláid a chur orthu. Phléasc na burgair!!
Bhí Mr. Burger crosta mar bhí píosaí burgair i ngach áit. Tagann Mr.Meats ar ais agus cabhraíonn sé le Mr. Burger na píosaí burgair ar fad a chur le chéile agus burgar mór millteach amháin a dhéanamh. Beidh a lán citseap ag teastáil uaidh. Thosaigh sé ag cur báistí citseap…