Sábhálann Banana Man an Lá

Image
Sábhálann Banana Man an Lá

Scoil Santain, Tamhlacht, Baile Átha Cliath, Rang a 4,  Fighting Words Gaeilge,17/11/2022

Uair amháin bhí duine ann darbh ainm Banana Man. Bhí sé ábalta eitilt agus bhí Bananobile aige. (Is carr é an Bananobile agus tá sé buí. Tá scríobh ar thaobh an chairr ag rá, “Bananaí Do Gach Duine!”)

Bhí sé ag dul go dtí Lidl chun bananaí a thabhairt dóibh.

Nuair a chuaigh sé isteach go Lidl, bhí a chara, Alexa, istigh ann.

Image
Sábhálann Banana Man an Lá

Thosaigh Alexa agus Banana Man ag caint ach ansin, cúpla nóiméad níos déanaí, tháinig Monkey Man isteach. Bhí sé ag iarraidh na bananaí ar fad a ghoid as an siopa.

“Caithfidh muid Monkey Man a stopadh!” a dúirt Alexa.

Bhí eagla ar Bhanana Man agus reoigh sé ar an spota. Dúirt Alexa, “Éirigh suas! Caithfidh tú na hainmhithe a shábháil! Smaoinigh ar na hainmhithe!”

Image
Sábhálann Banana Man an Lá

Chroith Banana Man a cheann suas agus anuas, ag aontú le hAlexa, agus dúirt sé, “Sea, caithfidh mé smaoineamh ar na hainmhithe…”