Ronaldo Úll ag Troid lena Chairde

Image
Ronaldo Úll ag Troid lena Chairde

Fighting Words Gaeilge, Scoil Chaoimhín, Sráid Mhaoilbhríde, Rang a 1 agus 2, 2 Feabhra 2024

Bhí Ronaldo an Úll ag dul chuig cluiche UFC agus déanadh sú úll as. Bhí air dul go dtí Temple Street. Thóg siad a bhrú fola.

Chuala Messi Banana faoi agus chuaigh sé do dtí an ospidéal. Thóg sé balún leis agus thosaigh sé ag caoineadh.

Fuair sé an seacláid ar fad ar domhan. Thug sé do Ronaldo Úll é agus d’ith sé é in aon seachtain amháin. Thug Messi céad euro do Ronaldo.

 

Image
Ronaldo Úll ag Troid lena Chairde

Ansin thug Messi sú úll do Ronaldo agus baineadh geit as Ronaldo.

“Ní cairde sinn níos mó!” arsa Ronaldo.

Dúirt Messi Banana, “Tabhair m’airgead ar ais dom”.

Ansin bhí troid dornálaíochta acu. Bhuaigh Ronaldo agus ní labhradar riamh tar éis é sin.

Image
Ronaldo Úll ag Troid lena Chairde

Fuair Ronaldo cara nua, a bhí mar iomrascálaí súmó darb ainm John.

Ach ansin, bhí John agus Ronaldo ag troid agus ag argóint lena chéile. Chonaic Ronaldo Messi arís agus ba chairde arís iad.

Thug Messi Banana sú úll do Ronaldo arís. Ach bhí plean ag Ronaldo Úll, bhí smoothie banana aige…