Pócaí folmha agus cloigeann tinn

Image
Pócaí folmha agus cloigeann tinn

 'Buddies' Gaeilge Chonamara Láir Fighting Words Chonamara, 20/01/23

Lá amháin bhí Johnny an feirmeoir ag feirmeoireacht i Roisín na Mainiach. Tháinig Bob agus bhí sé ag iarraidh airgid. Ach ní raibh aon airgead ag Johnny. Tháinig gasúir Johnny aníos an bóthar agus thosaigh Bob ag rith. Ní raibh sé an-sásta agus thosaigh sé ag gleo.

“ÁÁÁÁÁÁÁÁÁÁÁÁÁÁÁÁÁ!!!”a dúirt Bob agus é ag rith síos go dtí trá Roisín na Mainiach. Rith sé amach go Fínis agus lean Johnny amach é. Thug Bob iarraidh go Johnny. Leag Johnny amach Bob. Rith Johnny isteach ar an trá agus thosaigh sé ag caint le na héisc.

Image
Pócaí folmha agus cloigeann tinn

Dhúisigh Bob agus bhí olc air. Rith sé go dtí Johnny agus scanraigh sé na héisc. Thosaigh Bob ag bá, ansin tháinig na haliens. Bhí Tim, ceannaire na n-aliens, thuas ar Mars. Bhí Bob ag feicéail rudaí. Ach an chéad rud eile bhreathnaigh sé suas agus ní raibh sé in ann tada a fheiceáil agus gurb é an chaoi go raibh sé leagtha amach.

Chonaic Bob bó a bhí ag súil le laoi agus shnámh sé amach go Fínis arís. Ansin tháinig currach agus rith sé go dtí an churrach agus dúirt leis an bhfear go raibh sé ag iarraidh a dhul abhaile….