Oh No, Stop na Cheeseburgers

Fighting Words Gaeilge, Gaelscoil Shliabh Rua Baile Uí Ógáin, Rang a 6, 18ú Bealtaine 2023
Bhí Murf ag siúl abhaile ar oíche fhuar agus fliuch nuair a bhual an tintreach é.
Rith Barthmimule Findingle trasna agus chabhraigh sé leis mar gur cheap sé go bhfuar sé bás.
Nuair a rug Barthmimule Findingle ar Murf fuair sé turraing leictreach. Fuair Barthmimule sárchumhacht ón dturraing seo.

Chuir Barthmimule a lámha timpeall ar Murf agus fuair sé mothú aisteach. Ansin, bhí sé in ann féachaint isteach in aigne Murf.
D’athraigh a ghruaig bán agus d’athraigh a chraiceann gorm agus bhí marcanna bána ar a lámha.
Ansin, d’oscail tairseach agus léim Murf agus Barthmimule isteach agus bhíodar sa MAITRÍS. Nuair a d’imíodar isteach sa MAITRÍS, bhíodar i lár bialann Fantastic Bob’s…
