Ó Ubh Go Duine

Image
Ó Ubh Go Duine

Fighting Words Gaeilge, Gaelscoil Mhic Aodha, Cill Dara, Rang a 5, 13ú Márta 2024

Bhí Mollaí an ubh agus seasamh os comhair an scátháin agus bhí eagla uirthi roimh a scáth.

Ansin tháinig Wenegade Wader. Is beag nach raibh Mollaí ag briseadh le heagla ach ansin rug Wenegade Wader uirthi. Sin conas a cuireadar aithne ar a chéile.

Chonaic an Wenegade Wader go raibh sí brónach agus dúirt sé, “Cén fáth go bhfuil tú brónach a stóirín?”

“Ní theastaím uaim a bheith i m’ubh níos mó arsa Mollaí. Teastaím a bheith i mo dhuine.”

Image
Ó Ubh Go Duine

Bhíodar ar a mbealach ar ais chuig bosca na huibheacha agus iad ag caint faoi fáth go raibh sí brónach ach ansin chonaic siad ubh eile ag fágáil an bosca. Bhí Jeremy an bulaí ag teacht amach as an mbosca.

Bhí Benjamin an chlog cuaiche mar gharda ar an mbosca. Tháinig sé amach agus dúirt sé le Jeremy dul ar ais isteach sa bhosca.

Bhí a fhios ag Jeremy go raibh ar fáil réidh le Benjamin mar sin chaith sé taoschnó amach ón mbosca, d’imigh Benjamin ina dhiaidh mar gur breá leis taoschnó.

Image
Ó Ubh Go Duine

Rith Jeremy go dtí an scátháin, ach ní raibh a fhios aige go raibh scátháin ann. Bhuail sé é agus bhris sé é.

Bhí Mollaí agus Wenegade Wader ag leanúint Jeremy, mar bhí a fhios acu go raibh rud éigin dána a dhéanamh aige. Dúradar le Benjamin go bhfuair Jeremy amach ón mbosca, ansin bhí Jeremy i dtrioblóid…..