An Lollipop Mór

Image
An Lollipop Mór

Fighting Words Chonamara, Scoil Rónáin, An Trá Bháin, Leitir Móir, Co. na Gaillimhe, Rang, 3,4,5,6, 06 Meán Fómhair 2023

Fadó an lá ó shin in Ohio, bhí lollipop mór millteach ann. Bhí sé chomh mór le míol mór, leis an Eiffel Tower agus le eilifint le chéile. Bhí go leor airgid lena thaobh. Bhí Timmy an Baby agus a chairde, Jimmy an Baby agus Billy an Bagel, ina gcónaí sa Trá Bháin. Bhí siad ag iarraidh an lollipop mór millteach mar gur mhaith leo siúcra.

Bhí an triúr istigh sa treehouse ag caint faoin lollipop.

“Caithfidh muid dul go Ohio lena fháil,” a dúirt Timmy. Ba é Timmy an bas.

Image
An Lollipop Mór

Alright, a mhac,” a dúirt Billy an Bagel. Bhí cumhachtaí speisialta ag Billy mar gur ól sé deoch speisialta. Bhí sé in ann eitilt agus daoine ar a dhroim aige. Bhí tú in ann é a ithe ach d’fhásfadh sé ar ais arís.

“Céard faoi má fhaigheann muid diabetes?” a dúirt Jimmy.

“Ó sea, rinne mé dearmad faoi sin,” a duirt Timmy.

“Cuma!” a dúirt Billy an Bagel. “Ní íosfaidh muid aon sweets eile sa saol théis an lollipop mór!”

Image
An Lollipop Mór

Chuir siad an treehouse i bhfostú de Bhilly an Bagel mór agus chuaigh siad ag an siopa agus cheannaigh siad bleaist sweets. Cheannaigh siad 55 suitcase freisin le haghaidh na sweets a chur isteach iontu agus cheannaigh siad dhá hammock agus teilifís. Cheannaigh siad PS5 freisin.

Chuaigh siad abhaile ag an treehouse, chuir siad an 55 suitcase isteach ann agus an PS5 agus an teilifís. Cheangail siad an telly agus an PS5 le chéile agus ansin chroch siad na hammocks agus d’imir siad FIFA 23 istigh iontu. Ansin chuaigh siad a chodladh…

Image
An Lollipop Mór