An lá a fuair Supersponge a ainm

Image
An lá a fuair Supersponge  a ainm

Fighting Words na Gaeltachta, Gaelscoil Mhic Amhlaigh, Cnoc na Cathrach, Gaillimh, Rang a 2, 25 Meitheamh 2024 

An lá a fuair Supersponge  a ainm

Uair amháin bhí Sponge sa chistin. Bhí sé buí agus ramhar. Bhí sé ag níochán na soithigh. Bhí sé an-salach. Tháinig an oíche. Go tobann chuala sé guth álainn.

Bhí sé ag fáil an-dorcha.

“Dia dhuit, is mise Pól an Pláta,” arsa an guth álainn. Rith an Sponge go dtí an Pláta. Nuair a chuaigh an Sponge chomh fada le Pól an Pláta ní raibh sé ann! Bhí cluasa an Sponge ag obair go hiontach ansin fuair sé an t-ainm “Supersponge”.

“Ná bíodh eagla ort, is mise Pól an Pláta,” a dúirt Pól.

“Cén fath nach bhfuil mé in ann tú a fheiceáil?” arsa Supersponge.

”Mar tá mé ar an urlár agus tá mé déanta as gloine,” arsa Pól an Pláta.

Bhí sé an-deireanach agus dorcha, bhí Supersponge spíonta agus bhí brionglóid aige go raibh sé ag eitilt in éineacht le Pól an Pláta...