Inquisador agus a Chairde

Image
Inquisador agus a Chairde

Scoil Santain, Tamhlacht, Baile Átha Cliath, Rang a 3,  Fighting Words na Gaeilge, 24 Samhain 2022

1896 a bhí ann. Bhí Inquisador i Nua Eabhrac. Bhí sé ag déanamh giuirléidí i bpluais. Bhí sé ag siopadóireacht chun rudaí a fháil le lazer a dhéanamh dó féin. Bhí Inquisador ag iarraidh lazer ina cheann.

Ansin, bhí sé ag iarraidh capall a chruthú. Bhí súile dearga ag an gcapall. Diabhal an t-ainm a bhí air. Bhí Diabhal ábalta lazer a chaitheamh óna shúile.

Bhí Diabhal an capall ag siúl agus thit an lazer amach as a chuid súile agus bhris sé.

Fuair Monca, an leath-mhadra, leath-mhoncaí, an lazer ar an talamh agus bhí siad ag iarraidh é a chur ar ais le chéile. Chuir siad ar ais le chéile é agus d’athraigh Monca isteach ina sciathán leathair.

Image
Inquisador agus a Chairde

Ansin, tháinig Stripe, an t-eachtrán leis na héadaí céanna le hInquisador agus bhris sé an lazer. Ansin tháinig Monca ar ais.

Thóg Inquisador an lazer ar ais go dtí an phluais agus bhí sé ag iarraidh píosaí nua a fháil dó.

Bhí Diabhal an capall imithe ar strae. Bhí Inquisador an-chrosta leis.

Nuair a bhí Inquisador ag tochailt chun píosaí nua a fháil don lazer, léim dragún amach go tobann…