Goose agus na Quackers

Fighting Words Chonamara, Scoil Náisiúnta Leitir Mealláin Leitir Mealláin Rang 4,5,6, 4 Meán Fómhair 2023
Fadó, fadó bhí Goose an Lacha sa gcistineach agus thug a mama cheese toastie dhi. D’ith sí an cháis agus léim sí go spás mar bhí faitíos uirthi roimh cháis. Chuir sí an crústa a bhí ar an toastie síos sa mbosca mbruscair in áit é a thabhairt dhá cara, Rubix an Ciúb (thaithnigh na crústaí go mór le Rubix).
Thit sí anuas agus leaindeáil sí ag Cruinniú Cáise. Ar a bealach anuas, bhuail sí isteach i cheese blimp, a bhí ag sileadh nacho cheese i chuile áit. Thit sí ar an bpíosa cáise is mó sa domhan!

Cheap siad ag an gCruinniú Cáise gur bandia cáise a bhí i Goose. Chuir siad i bpríosún cáise í. Tháinig Rubix agus d’ith sé tríd an mballa. Thit Rubix síos an staighre agus ghortaigh sé a chois. Thosaigh Goose ag gáire mar gur thit ceann dá chuid píosaí de.
Thosaigh Rubix ag caoineadh agus ansin stop Goose ag gáire agus dúirt sí, “An bhfuil tú ceart go leor?”
Dúirt Rubix, “Níl! Tá mé gortaithe!”
Ghlaoigh Goose ar an otharcharr…