Go Máirtín!

Image
Go Máirtín!

Scoil na bhForbacha, Rang a 4, Fighting Words Chonamara, 16/06/22

Bhí Máirtín an Mango ag traenáil ar an bpáirc peile ach bhí sé ag screadaíl agus ag rith ón liathróid. Bhí sé scanraithe roimh an liathróid mar ní raibh sé ag iarraidh go mbeadh sé gortaithe. Rith Jeffrey an Avocado i ndiaidh Mháirtín mar bhí sé ag iarraidh é a thabhairt ar ais ag an gcluiche.

“Tá sé ceart go leor a Mháirtín,” arsa Jeffrey.

Thosaigh Máirtín ag caoineadh agus chuaigh sé abhaile.

Bhí cluiche peile-Éirinn in aghaidh na hÚcráine ar an teilifís-chonaic sé Bob an Banana ag imirt do Éirinn agus scóráil sé cúl. Bhí sé de mhisneach ag Máirtín ansin peil a imirt arís.

Ghaloigh sé ar Jeffrey le brón a ghabháil leis mar gur rith sé uaidh. Thug sé cuireadh do Jeffrey teacht ag breathnú ar an gcluiche in éineacht leis.

Tháinig Jeffrey agus dúirt sé, “Tá sé ceart go leor.”  Thosaigh siad ag traenáil le chéile taobh amuigh le “popcorn” ar dtús...