Eachtraí Timmy agus Dee
Image

Fighting Words Gaeilge, Gaelscoil Chnoc na Ré, Baile Uí Dhugáin, Sligeach, Rang a 5, 14 Meán Fómhair 2023
Bhí Timmy an madra ag iarraidh a bheith i gceannas ar an domhan ach ní raibh sé an-chliste mar sin, rinne sé rud an-amaideach.
Bhí sé ag iarraidh struisín muisiriúin a dhéanamh.
Cheap sé go raibh sé in ann muisiriúin a fháil ach ní cinn iad a bhí sábháilte le hithe agus níor ith aon duine an struisín.
Image

Ansin, fuair sé cara dabh ainm Dee. Iora rua an-chliste a bhí ann. Bhí spéaclaí móra ar Dee agus fiacla ag dul go dtí a smig.
Agus ba bhreá le Dee cnónna. Ba fuath leis muisiriúin. Bhí Dee ina chónaí lena bhean, Sarah an t-iora rua.
Rith Timmy go dtí teach Dee chun ceist a chur air…
Image
