Eachtraí Savage Cabbage

Scoil na bhForbacha, Na Forbacha, Co. na Gaillimhe, Rang a 5, Fighting Words Chonamara, 17/06/22
Bhí Savage Cabbage ina chodladh i lár gharraí i Nua Eabhrach i Meiriceá. Tháinig Máirtín Mango le maide mór agus dhúisigh sé é. Thosaigh Savage Cabbage ag screadaíl. Scread sé ar Mháirtín Mango go faiteach.
“Cén fáth go ndearna tú é sin?”
“Tá an turas go dtí an garraí thart, tá sé in am dul ar ais go dtí an teach banaltrais,” a dúirt Máirtín Mango go cantalach.

Chuaigh Máirtín Mango chomh fada leis an mbus ach thit Savage Cabbage ar ais ina chodladh sa ngarraí arís. Nuair a dhúisigh sé suas bhí Máirtín Mango imithe. Bhreathnaigh sé ina thimpeall agus chonaic sé bean ag teacht ina threo. Dúirt sí, "Cé as a dtáinig tusa?”
“Bhí mise i mo chodladh anseo agus bhí mé ag imeacht, ach, cá bhfuil mo bhus?"
Dúirt an bhean leis, "Is féidir leat mo limo a úsáid."
"Ceart go leor," a d'fhreagair Savage Cabbage, "agus b'fhéidir go mbeadh cupán tae againn freisin..."