Eachtraí Mr. Dover agus Fred

Image
Eachtraí Mr. Dover agus Fred

Scoil Santain, Tamhlacht, Baile Átha Cliath, Rang 5/6, Fighting Words Gaeilge, 10/11/22

Tráth dá raibh ann, bhí sé an-dorcha, diamhair sa spás.

Bhí Mr. Dover agus Fred ina suí síos ins an spáslong. Dlúthchairde a bhí iontu. Is spásaire é Mr. Dover agus is s-práta-ire (leath-róbat/leath-phráta) é Fred.

“Ba mhaith liom féachaint ar Shreek Ever After,” arsa Fred go ciúin.

Ansin tháinig diúracán agus scoilteadh Fred ina dhá leath. D’ith Mr. Dover an leath gur práta a bhí ann. Tháinig leath-róbat eile ón spás agus cheangail sé le leath eile Fred agus déanadh róbat iomlán as-dhá thaobh clé a bhí ann.

 

“Úúú, tá an damhán alla chun tú a fháil!” arsa Fred le Mr. Dover agus é ag magadh.

Ansin, dúirt Mr. Dover, “Tá mé chun tú a ghearradh ina dhá leath arís!”

Cúpla uair níos déanaí, bhí siad ag dul a chodladh agus chuala siad fuaim éigin. D’fhéach Mr. Dover faoin leaba agus chonaic sé ubh ar gor. Bhris an bhlaosc agus tháinig crogall beag bídeach amach.

Dúirt Mr. Dover le Fred, “Tháinig sé sin aniar aduaidh orm!”

Dúirt Fred, “Cúl!”

Nuair a tháinig an crogall amach, chuir Fred ortha air agus d’aistrigh sé isteach ina dhamhán alla spáisiúil é.

Anois bhí drochspion ar Mr. Dover. Thosaigh sé ag screadaíl agus thosaigh an damhán alla ag déanamh Gagnam Style. Chiceáil Mr. Dover an damhán alla amach as fuinneog na spásloinge…