Eachtra Captaen John agus Hurling Holland

Fighting Words Gaeilge, Gaelscoil Shliabh Rua Baile Uí Ógáin, Rang a 5 agus 6, 23ú Bealtaine 2023
Lá amháin, céad bliain ó shin, bhí duine darbh ainm Captaen John.
Bhí féasóg mhór aige agus bhí sé an-láidir. Bhí gruaig fhada, chatach air.
Bhí súil amháin agus croiméal aige.

Bhí sé an-sean, 200 bliain d’aois. Anois, sa lá atá inniu ann, tá sé 300 bliain d’aois.
100 bliain ó shin, bhí sé ag taisteal timpeall an domhain ag lorg madra lena chara, Hurling Holland. Bhí siad ag taisteal ar bhád beag.

Bhí orthu stopadh le haghaidh cluiche iománaíochta ach thit Captaen John as an mbád.
Is beag nar ith ollphéist mhara é. Bhuail Hurling Holland an ollphéist mhara lena chamán.
“Ahhhhhh!!” a scread Hurling Holland.
“Há há há” arsa an ollphéist nuair a d’ith sé camán Hurling Holland…