Dráma le Señorita Abuja

Fighting Words Gaeilge, Lios na Nóg Bóthar Oakley, Rang a 5, 24ú Bealtaine 2023
Bhí Abuju an Práta Spíosrach ag siúl síos an bóthar ríse. Chonaic sé Ubhacha Dubhacha ag siúl le Señorita Abuja agus bhí na grippers amach ag Ubhacha Dubhacha. Bhí Abuju crosta le Ubhacha Dubhacha mar go raibh sé le Señorita Abuja.
An Gorta Mór a bhí ann. Ní raibh dóthain ríse ann. Bhí na grippers amach ag gach duine. Bhí brón ar gach duine sa chathair mar go raibh gach duine tinn, mar go raibh an Gorta Mór ag tarlú.
Bhí Señorita Abuja le Ubhacha Dubhacha mar go raibh níos mó spíosraí aige ná Abuju.
Bhí Ubhacha Dubhacha tinn agus bhí leath de chlann Abuju marbh de bharr an Gorta Mór.
Theastaigh ó Abuju go bhfágfadh Señorita Abuja leis, ach níor theastaigh uaithi fágaint toisc go raibh Ubhacha Dubhacha tinn.
Ansin, thit Ubhacha Dubhacha ar an talamh toisc go raibh sé tinn agus chaill sé a grippers…