Barry agus Dash

Image
Barry agus Dash

Scoil Uí Ghramhnaigh, Ráth Chairn, Co. na Mí Rang a 2 Fighting Words na Gaeltacht, 21/10/2022

Bhí Barry an Crogall ag iarraidh Nintendo Switch. Chun an Nintendo Switch a fháil, beidh Barry go deas le daoine. Tá cara amháin ag Barry agus Dash an t-ainm atá air. Is crogall robotic é.

Tá Barry agus Dash chun dul gach áit le bheith lách le daoine, ach tá duine dána ann. Eilifint atá ann agus Bob an t-ainm atá air. Thug Bob an eilifint dána farra faoi Dash.

Níor gortaíodh Dash mar phioc Barry suas é agus  thóg sé amach as an mbealach é. Fuair sé an Nintendo Switch mar go raibh sé go deas. Shnámh siad san uisce sa loch chun an Nintendo Switch a fháil.

Image
Barry agus Dash

Bhí rún ag Dash.

“Tá rún agam,” arsa Dash.

”Céard é?” a dúirt Barry an Crogall mór gorm.

“Tá claíomh agam i mo lámha agus sciath agus tá gunna agam i mo dhroim. Bhí orm an chlaíomh, an sciath agus an gunna a fháil nuair a bhí mé óg mar bhí cogadh ann.”

Ansin dúirt Barry, “tá rún mór millteach agamsa freisin…”