Seoladh an leabhair Scéalta na gComharsan!

Image
Conamara Launch Oct 2023 2

Seoladh bailiúchán de scéalta a scríobh grúpa a bhíonn ag freastal ar sheirbhís lae Thearmann Éanna agus grúpa as Áras Chois Fharraige!

Bhí ócáid den scoth againn i gConamara an tseachtain seo nuair a sheol an t-údar Tadhg Mac Dhonnagáin an leabhar 'Scéalta na gComharsan' in Áras Chois Fharraige sa Spidéal.

Grúpa scríbhneoirí a bhaineann úsáid as seirbhísí lae Thearmann Éanna ar an Tulach agus grúpa scríbhneoirí atá ag cur fúthu in Áras Chois Fharraige, ionad altranais sa Spidéal, a scríobh an leabhar.

Le bliain anuas, thagadh muid le chéile gach Máirt i dTearmann Éanna agus gach Déardaoin san Áras ag caint agus ag comhrá, ag canadh agus ag cruthú agus tá ríméad agus bród an domhain orainn go bhfuil an leabhar anois críochnaithe agus seolta!


Rinne Caomhán Ó Scolaí obair álainn ar dhearadh an leabhair, 'sé an grianghrafadóir Simon Boyle a thóg na portráidí iontacha de na rannpháirtithe agus 'siad Mali Uí Chlochartaigh agus Lisa Olsthoorn a rinne an obair ealaíne. Ní fhéadfaí an leabhar a chur i gcrích gan an cúnamh ar fad ó Mháire Ní Chualáin, meantóir deonach de chuid Fighting Words Chonamara. Tá buíochas ar leith ag dul d'fhoirne Thearmann Éanna agus Áras Chois Fharraige.

Rinneadh an leabhar seo le tacaíocht ó Fhóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga. Buíochas ó chroí le Katie Ní Loingsigh.

Is féidir éisteacht le píosa faoin seoladh a bhí le cloisteáil ar Iris Aniar ag an nasc seo : https://www.rte.ie/radio/rnag/clips/22304419/


Image
Conamara Launch Oct 2023 3
Image
Conamara Launch Oct 2023 4
Image
Conamara Launch Oct 2023 5
Image
Conamara Launch Oct 2023 6
Image
Conamara Launch Oct 2023 7

Comhghairdeas leis na scríbhneoirí ar fad!


Cliceáil thíos chun an leabhar a léamh!