Samhlaíocht le Sruth

Image
Samhlaíocht le Sruth

Lá Cruthaitheachta do Mhúinteoirí

Ar an 9 Meitheamh 2026, tháinig grúpa beag múinteoirí le chéile ag ionad Fighting Words ar Shráid an Ruiséalaigh i mBaile Átha Cliath don ócáid Samhlaíocht le Sruth. Ceardlann lae spreagúil sa scríbhneoireacht chruthaitheach a bhí anseo a reáchtáladh i gcomhar le hOide Creativity. 

Ar maidin chuaigh na rannpháirtithe ar shiúlóid threoraithe cois na Canála Ríoga. Chuala siad blúiríní eolais faoi stair na háite agus bhí an deis acu freisin éisteacht leis an amhránaí Antaine Ó Faracháin ag gabháil fhoinn.

San iarnóin, bhí lón ar fáil san ionad agus bhain na rannpháirtithe sult as gníomhaíochtaí scríbhneoireachta éagsúla. Deis a bhí ann do na múinteoirí  am a chaitheamh le chéile lasmuigh ag fáil inspioráide ón domhan nádurtha, freagairt don domhan mórthimpeall orthu tríd an scríbhneoireacht chruthaitheach i spás tacúil agus cur lena gcleachtas gairmiúil féin trí chur chuige samhlaíoch agus comhoibríoch.

Ba é seo an chéad uair do Fighting Words agus d’Oide Creativity ócáid den chineál seo a reáchtáil le chéile. D’éirigh thar cionn leis an lá agus tá súil againn go mbeidh a leithéid ar siúl arís amach anseo. Buíochas leis na múinteoirí iontacha ar fad a roinn a gcuid ama agus a gcuid cruthaitheachta ar an lá.