Bí Ag Scríobh in Éineacht le Máire Treasa!

Bí ag scríobh in éineacht le Máire Treasa ó Fighting Words. Foghlaim céard a theastaíonn le scéal a chur le chéile.

An bhfuil smaointe ag teastáil uait? Bain triail as Gaeilge!

Nuair atá tú réidh, is féidir leat do scéal a sheoladh chugainn!  

Conas a sheolfaidh mé mo scéal chugaibh?

Dóibh siúd atá idir 6-12 bliain d'aois... chun scéalta, pictiúir, dánta, amhráin, greannáin nó drámaí a roinnt linn, iarr ar do thuismitheoir/do chaomhnóir iad a sheoladh chugainn ag info@fightingwords.ie leis an bhfocal Scéal i líne an ábhair!

  • Seol do chéad ainm, d'aois agus an contae ar as thú má theastaíonn uait go mbeidh siad le feiceáil agus foilseoidh muide do scéal ar líne.​

  • Is féidir le hiarratais a bheith clóscríofa i ríomhphost nó is féidir grianghraf a sheoladh de scéal atá scríofa le lámh.​

  • Fáiltímid roimh scéalta i mBéarla nó i nGaeilge.​

  • Is féidir aon smaointe breise atá agat a chur san áireamh.​

  • Is breá linn scéalta scríofa a fheiceáil chomh maith le léaráidí, greannáin, dánta... bealach ar bith gur maith leat scéal a insint - tá sé go breá!