Covid-19

le Katie Ní Shúilleabháin

D’athraigh ár saol mar a bhí ar 12 Márta ,

Nuair a tháinig Covid ón tSín,

Leo ag cur comhairle fud fad na tíre,

Go ndéarfaidh muid slán le Covid-19

Scoileanna dúnta,

Cairde scartha,

Domhan faiteach,

Seandaoine sáinithe,

Sráideanna loma,

Siopaí bánaithe

ACH ,

Teaghlaigh le chéile ,

Suairceas na gcomharsan ,

Aclaíocht 2K agus an t-ozón féin cneasaithe ,

Agus buíochas do  “Teams” coinneoidh muid i dteagmháil lena chéile,

go ndéarfaidh muid slán le Covid-19

Ag cuimhneamh ar an lá a bheas muid le chéile aríst

mar ar ndóigh is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine,

ach go dtí go bhfaighidh muid an “ok” ó Leo é féin fanaigí slán

agus ní aireoidh muid é go mbeidh muid ag rá slán le Covid-19