Chiamaka Enyi-Amadi

“Carr sleamhnáin” an t-ainm atá ar thús scéil Nollag Chiamaka Enyi-Amadi. Is í Muireann Ní Raghallaigh a léifidh an píosa seo, agus Marion Ní Shúilleabháin a dhein é a aistriú.

Rugadh Chiamaka Enyi-Amadi i Lagos. Tógadh sa Ghaillimh í ach is i mBaile Átha Cliath atá sí lonnaithe faoi láthair. Scríbhneoir, eagarthóir, file ó bhéal agus éascaitheoir ealaíon is ea í. Bronnadh an Poetry Ireland Access Cúirt Bursary uirthi i 2019. I measc na bhfoilseachán a bhfuil saothar dá cuid foilsithe iontu tá Architecture Ireland 309, Poetry International 25/26, Poetry Ireland Review 127, IMMA Magazine, The MASI Journal, RTÉ Poetry Programme, Smithereens Press, The Bohemyth, The Irish Times, Art of the Glimpse: 100 Irish Short Stories (eag. Sinéad Gleeson), and Writing Home: The ‘New Irish’ Poets (comh-eag. Chiamaka Enyi-Amadi & Pat Boran).

Is aisteoir Éireannach í Muireann Ní Raghallaigh a bhíonn le feiscint ar an stáitse agus an scáileán. Bíonn sí ag obair trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla. Bíonn sí ag aisteoireacht ar Ros na Rún, sraith Ghaeilge ar TG4.

Carr sleamhnáin
“Ní thomhaisfidh tú go brách cé leis a raibh mé ag caint ag am dinnéir?” a d’fhiafraigh mama Nollaig, agus í ag baint lipéad beag bán de bhábóg, macasamhail lucharacháin, a bhí gléasta ó bhun go barr in aon bhall éadaigh amháin a raibh dath dearg air.

“Níl tuairim na ngrást agam, níl seó ar bith ach thú ag caint le daoine ar do ríomhaire glúine” a dúirt Nollaig léi agus é ag croitheadh a chuid guaillí, agus a chuid súile greamaithe dá chluiche i gcónaí aige. Chuir sé strainc air féin nuair a tháinig dath dubh ar scáileán a iPad agus gan súil ar bith aige leis. Ní raibh sé ag tabhairt airde ar bith ar na fógraí a bhí á bhfáil aige nach mórán cumhachta a bhí fanta san iPad agus anois bhí rud amháin eile nach bhféadfadh sé a úsáid leis an gcluas bhodhar a thabhairt dá mháthair.

Chaith Nollaig uaidh an iPad anuas ar an mboirdín beag le taobh na leapan, a bhí sé a úsáid freisin mar dheasc scoile, agus bháigh sé a chloigeann catach ina philiúr.

“Á, gabh i leith anois a stóirín, tomhais cé a bhí ann,” agus an lucharachán curtha suas faoina smig aici agus í i ngreim ina dhá lámh agus í á chur anonn agus anall, “seo leid duit”.

Bhioraigh a chuid cluasa dá bhuíochas nuair a chuala sé an focal ‘leid’. Bhreathnaigh sé siar thar a ghualainn agus chonaic sé go raibh straois an chailín báire ar éadan a mháthar. Dúirt sé leis féin go n-imreodh sé an cluiche a bhí aici, ar ndóigh ní raibh tada le cailleadh aige.

“Ó, an raibh tú ag caint le Santaí?” a d’fhiafraigh sé.

“Ní raibh muis, ní hé sin atá i gceist agam, ach duine éigin atá ard ar a fhoireann – bíodh a fhios agat go bhfuil Santaí an-ghnóthach go deo an t-am seo den bhliain – an té atá i gceannas ina cheardlann mar a tharlaíonn sé” a dúirt sí agus í chomh postúil le cat siopa.

Bhreathnaigh Nollaig anonn thar a mháthair, agus a dhá shúil mhóra dhonna greamaithe aige den lucharachán beag a bhí suite thuas ar an tseilf leabhar, “an é sin a bhí ann mar sin?” agus é ag croitheadh a chloiginn ar an mbábóg a bhí gar dá gualainn.

Bhí sé ag iarraidh, ní hea, theastaigh luchtaire uaidh don iPad. B’fhéidir go bhféadfaidís margadh a dhéanamh, b’fhéidir go ligfeadh sé air féin go raibh sé meallta ag a mhama sa gcluiche a bhí sí a imirt, go bhféadfadh sé tuilleadh dá chluiche a imirt ar an iPad roimh an dinnéar.

“Níl tú i bhfad as marc,” a dúirt mama agus í ag buladh bos agus ag cuimilt a dá lámh dá chéile ina dhiaidh sin. Fuair sé boladh óil; chaithfeadh sé gur chuir sí díghalrán ar an mbosca ina raibh an lucharachán. Ní féidir éalú ón díghalrán céanna….Santaí féin, ní thabharfaidh sé na cosa leis, cuirfidh mé geall, a dúirt sé leis féin. Ní i mbliana, ar aon nós.

“Bhí mé i dteagmháil leis an lucharachán atá i gceannas sa Mol Thuaidh agus chuir seisean a chara beag chugainn chun cúnamh a thabhairt duit a bheith thar a bheith go maith do Santaí”, agus í ag déanamh comharthaí anonn ag an mbábóg dhearg. “Elf ar an tSeilf. Ba dheas uaidh duine dá chuid oibrithe a spáráil duitse amháin, nár dheas?” a dúirt sí agus í ag caitheamh an lipéid bháin síos sa mbosca bruscair.

“Ba mhaith uaidh go deimhin a mhama, an bhféadfainn litir, nó ríomhphost, a chur chuige ag glacadh buíochais leis, b’fhéidir……ar an iPad?”

“An-smaoineamh go deo, déarfaidh mé le do dheaide cúnamh a thabhairt duit amárach chun litreacha a scríobh.”

“D’fhéadfainn tosú uirthi roimh an dinnéar, má thugann tú dom an luchtaire, díreach ar feadh uair an chloig amháin, más é do thoil é a mhama?” a d’impigh sé uirthi agus é á leanúint amach as a sheomra agus isteach sa halla, áit a raibh plandaí daite ar gach aon taobh.

“Ná bí do mo chrá, is maith atá a fhios agat na rialacha. Caithfidh tú déanamh gan an iPad tar éis a cúig tráthnóna. Níl aon locht ar aon duine ach ort féin faoi gur imigh an chumhacht as an iPad i ngeall ar na cluichí a bhí tú a imirt,” a dúirt sí agus í ag tabhairt amach dó.

“Á a mhama, as ucht Dé ort” a dúirt sé agus é ag impí uirthi agus é ag imeacht ina diaidh. Bhí sé beagnach i ngreim ina gúna cadáis agus iad ag siúl síos an staighre agus eisean in anchaoi, bhí sin.

“Gabh i leith anseo agus éirigh as ag fuarchaoineachán, tá an crann nua feistithe ag do dheaide. Tosaigh dá mhaisiú agus cuirfidh mise síos an dinnéar…” Shín sí chuige bosca ornáidí óir agus airgid lonracha agus shiúil sí uaidh agus í ag caint léi i gcónaí.

Bíodh an diabhal aige seo, a dúirt sé leis féin agus chaith sé uaidh an bosca ag bun an chrainn Nollag, crann bréige mór millteach.

Chuir sé strainc air féin agus dúirt sé leis féin, gabhfaidh mise anois ag cuartú an luchtaire don iPad.

D’éalaigh sé suas chuig seomra a mhuintire, bhí a fhios aige go mbeadh a dheaide ina oifig go ceann leathuair an chloig eile ar a laghad nó go mbeadh an dinnéar ann… Nuair a leag sé a chos sa seomra, chuala sé torann.

Bhí an lucharachán ag faire go grinn air ón gcoirnéal…